West Kerry Courses

Filtering by: “An Gaelteacht”

Cúrsa Snámh Baile na nGall
Jul
8
to 12 Jul

Cúrsa Snámh Baile na nGall

Tá Baile na nGall suite in Iarthar Duibhneach i gceartlár na Gaeltachta timpeall 10 mhíle siar ón nDaingean. Sráidbhaile beag deas iascaireachta is ea Baile na nGall agus iascairí áitiúla ag iascach amach ón gcuan i gcónaí.

Tá dhá thigh tábhairne ar an mbaile a mheallann na sluaite ó chian is ó chóngar. Sin iad Tigh TP agus Tigh Uí Bheaglaoich.

Is féidir tú féin a thumadh i bhfolcadán feamanaí in ionad Folláine Chorca Dhuibhne. Ar eagla go ndéanfá dearúd ar do thuáille, tá fallaing farraige le ceannach ó Fran, bean na dtuáillí snámha lámhdhéanta.

Tá dhá thráigh ar an mbaile. Tráigh Bheaglaoich agus Tráigh an Chléirigh. I 2021 bhí ranganna snámha ar thráigh Bheaglaoich don gcéad bhabhta riamh. Tá an tráigh seo ana-oiriúnach le haghaidh na ranganna ó thaobh fothaoine taoidí agus a leithéid. Reáchtáiltear na ranganna go hiomlán as Gaolainn agus bíonn bús gaolainne le clos timpeall na háite i gcónaí.

Beidh an Ghaolainn agus an snámh ar do thoil agat agus tú ag fágaint!

Is í Maebh ‘Danny’ Breathnach an Area Contact do Bhaile na nGall

View Event →

Become A Volunteer

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit, sed do eiusmod tempor incididunt ut labore et dolore magna aliqua. Ut enim ad minim veniam, quis nostrud.